Christopher Tin

Caoineadh

Mo chara thu is mo chuid!
A mharcaigh an chlaímh ghil,
éirigh suas anois,
cuir ort do chulaith
éadaigh uasail ghlain,
chuir ort do bhéabhar dubh,
tarraing do lámhainní umat.
Siúd í in airde t'fhuip;
sin i do láir amuigh.
Buail-se an bóthar caol úd soir
mar a maolóidh romhat na toir,
mar a gcaolóidh romhat na sruth,
mar a n-umhlóidh romhat mná is fir...